Fisherman Out of Ireland - Knitwear Collection

As Éirinn

Is muidne ‘Fisherman Out of Ireland’; branda éadaigh cniotáilte comhaimseartha a bhfuil móran duaiseanna bainte aige agus atá suite idir beanna Shliabh Liag agus an port iascaireachta is mó in Éirinn – Na Cealla Beaga. Is anseo a aimsóidh tú Cill Charthaigh, sráidbhaile beag i gCo. Dhún na nGall a dtugann muidinne ár mbaile air ón bhliain 1989.

Taobh tíre inspioráideach Dhún na nGall

Tá ar mbailiúchán de gheansaithe, hataí agus scairfeanna spreagtha ag an chósta galánta, creagach, fiáin atá ar leac an dorais againn. Tá gach uile cheann dár mbaill éadaigh déanta leis na scáithíní is inbhuanaithe agus is sócmasaí ag ár gceardaithe, go leor acu atá linn ón tús.

Ár mBunchuspóir

Le blianta, d’fhás agus d’fhorbair an branda go dtí go bhfuil muid anois ag easpórtáil níos mó ná 70 faoin gcéad ar fud fad ceithre choirnéal an domhain. D’athraigh mórán ó shin ach d’fhan ár mbunchuspóir mar an gcéanna: sé sin an t-éadach is airde cáilíochta a mbeidh lúcháir ort a chur ort agus drogall ort a bhaint díot.