Ba chóir do chuid éadaigh cniotáilte a thirimghlanadh nó a ní le do lámha. Úsáid uisce fuar le rud beag sópa éadrom in-bhithmhillte nuair a níonn tú éadach cniotáilte. Tá sé tábhachtach nach bhfáisceann, nach gcuimlíonn agus nach gcasann tú an t-éadach cniotáilte mar d’fhéadfadh sin a bheith ina chúis do mheallta agus do shíneadh. Ná bain úsáid as inneall níocháin.
Nod: Nígh éadach cniotáilte taobh tuathail amach chun an taobh amuigh a chosaint
Ba cheart do chuid éadaigh cniotáilte a bheith fillte go néata agus curtha isteach i ndrár nó ar seilf. Seachain crochadáin ná d’fhéadfadh síneadh a bheith mar thoradh air agus b’fhéidir go gcuirfeadh sé na guaillí as a riocht. Má tá tú le héadach cniotáilte a stóráil i rith míonna an tsamhraidh, moltar iad a stóráil i mála cadáis nó línéadaigh chun coincleach a sheachaint.
Nod: Stóráil éadach cniotáilte le saicín labhandair chun boladh deas a bheith astu agus na féileacáin oíche a choinneáil ar shiúil.
Is é an rud is tábhachtaí nuair atáthar ag triomú éadach cniotáilte gan triomadóir éadaigh a úsáid riamh. Nuair atá siad nite ba chóir éadach cniotáilte a chur ar dhromchla cothrom nó ar shraith tuaillí le hiad a aerthriomú mar go gcuidíonn seo le tomhas agus cruth an bhall éadaigh a choinneáil. Má tá athchruthú de dhíth ar an bhall éadaigh, is é seo an t-am is fearr le hé seo a dhéanamh. Seachain do chuid éadaigh cniotáilte a chrochadh nó a chur ar radaitheoir siocair go bhfuil seo in chúis le síneadh.
Nod: ula gcuirtear ina luí cothrom iad, cuach do chuid éadaigh cniotáilte i dtuaille agus brúigh go héadrom é chun barraíocht uisce a bhaint as.